Lóibéilia
géineas plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Géineas an-mhór (415 speiceas) an-ilghnéitheach plandaí blátha is ea na lóibéilianna,[1] ó phlandaí beaga bliantúla go dtí plandaí colúnacha mothallacha ilbhliantúla, a fhásann go dtí na méadair ar airde. Faightear beagnach gach áit iad ach na réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha den Domhan Úr go háirithe. Na duilleoga simplí ailtéarnach. Na bláthanna casta 180°, de ghnáth dearg, gorm nó vialait, siogamorfach le 5 pheiteal cónasctha ag déanamh feadáin chuartha dhéliopaigh. Saothraítear an-chuid díobh mar mhaisiúchán. Bíonn siad i raon leathan gnáthóg, cuid mhaith díobh uisciúil, agus saghsanna fathachúla ar shléibhte ar leith in oirthear na hAfraice. Bíonn alcalóidigh mharfacha i gcuid acu. Tá ceann sa tSile a bhfuil a bholadh nimhiúil.[2]
Lobelia | |
---|---|
Lobelia laxiflora | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Lobelia alkaloid (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Campanulaceae |
Fofhine | Lobelioideae |
Géineas | Lobelia L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Lobelia cardinalis |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Matthias de l'Obel |