Liosta de rialóirí na Breataine Bige
From Wikipedia, the free encyclopedia
Roimh Choncas na Breataine Bige, a críochnaíodh sa bhliain 1282, bhí an Bhreatain Bheag comhdhéanta de roinnt ríochtaí neamhspleácha, agus is iad Gwynedd, Powys, Deheubarth (Ceredigion, Seisyllwg agus Dyfed ar dtús) agus Morgannwg (Glywysing agus Gwent). De bharr athruithe teorann agus roinnt chothrom na pátrúnachta níor tháinig mórán prionsaí riamh fíorghar do rialú na Breataine Bige ar fad. Laistíos liostaítear ainmneacha na ndaoine sin ar eol a bheith i gceannas ar cheann amháin nó níos mó de na ríochtaí. Ba é an t-aon duine arbh eol a bhí i gceannas ar an mBreatain Bheag ar fad ná Gruffydd ap Llywelyn (c. 1010-1063), prionsa ar Gwynedd a bhí ina Rí ar an mBreatain Bheag ó 1055 go 1063. Mar sin féin, bhí údarás chomh suntasach ag prionsaí na meánaoise arb as iarthar na Breataine Bige iad, Gwynedd go príomha, a thug deis dóibh údarás a éileamh lasmuigh de theorainneacha a ríochtaí féin. Leis sin, bhí cuid mhór Prionsaí in ann a mhaíomh go raibh siad in ann an Bhreatain Bheag go léir a rialú.[1]
Rhodri Mawr molta ag roinnt mar an chéad rí ar an mBreatain Bheag, agus an chéad cheann a d'aontódh an chuid is mó den Bhreatain Bheag. Ní raibh críoch na Breataine Bige comhaimseartha aontaithe go hiomlán ach faoi riail dhíreach Gruffydd ap Llywelyn ó 1055 go 1063 de réir an staraí John Davies. Bhí úsáid dhúchais an teidil ‘Prionsa na Breataine Bige’ le feiceáil níos minice faoin aonú haois déag mar fhoirm ‘nua-aoiseach’ nó leasaithe de shean-ardrí na mBriotanach. Tháinig deireadh le húsáid dhúchasach na dteideal tar éis marú Llywelyn ap Gruffudd agus a dheartháir, Dafydd ap Gruffydd agus ó shin i leith tá an teideal Prionsa na Breataine Bige in úsáid ag na Sasanaigh agus ansin ag monarcacht na Breataine.