Marcas Antaine
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba pholaiteoir agus ghinearál Rómhánach cáiliúil é Marcas Antaine (Laidin:Marcus Antonius) a d'imir ról ríthábhachtach i dtarfhoirmiú Phoblacht na Róimhe ó holagarcacht go dtí an Impireacht (uathlathach) Rómánach.
Bhí Marcus Antonius go mór i bhfách le Iúil Caesar, agus rinne sé seirbhís mar cheann amháin dá ghinearáil, le linn Chogadh na nGallach agus an cogaidh chathartha. Ceapadh Marcus Antomius ina riarthóir na hIodáile, le linn do Chaesar a chéile comhraic polaitiúla sa Ghréig, san Afraic Thuaidh agus san Spáinn a dhíothú. Tar éis gur maraíodh Caesar, sa bhliain 44 RC, chuaigh Marcus Antonius i bpáirt le fórsaí Mharcuis Aemilius Lepidus, ceann eile de ghinearáil Chaesair, agus Octavian, nia Chaesair agus a mhac uchtaithe, ag cur ar bun deachtóireacht thriúracht ar a dtugtar sa stair an Triúir-Fhlaitheas. Chloigh fórsaí an Thriúir-Fhlaithis dúnmharfóirí Chaesair, na Liberatores, ag Cath Filippi, sa bhliain 42 RC, agus roinneadar rialtas na Poblachta idir iad féin. Tugadh cúigí oirthearacha na Róimhe do MharcusaAntonius, lena n-áirítear cliant-ríocht na hÉigipte, A bhí ansin faoi riail Chléópátra VII Philopator, agus tugadh ceannasaíocht dó cogadh a fhearadh ar Pharthia.