Málta
stát ceannasach i nDeisceart na hEorpa suite ar oileánra sa Mheánmhuir / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír bheag oileánach sa Mheánmhuir is ea Málta (Máltais: Malta, Béarla: Malta), ar mar a dtugtar go hoifigiúil Poblacht Mhálta (Máltais: Repubblika ta' Malta, Béarla: Republic of Malta). Tá an tír suite in áit straitéiseach idir an Afraic Thuaidh agus an Iodáil, agus mar sin, is iomaí cath a chuir na tiarnaí is na flatha fúithi ar feadh na gcéadta bliain, ó bhlianta Impireacht na Róimhe go dtí an Dara Cogadh Domhanda. Tá Málta ar an tír is lú san Aontas Eorpach ó thaobh an achair agus an daonra de. Oileánra atá ann, agus is iad Oileán Mhálta, Għawdex (Gozo), agus Kemmuna (Comino) na hoileáin is mó.
Málta | |||||
---|---|---|---|---|---|
Malta (mt) | |||||
|
|||||
Aintiún | L-Innu Malti | ||||
Mana | «Truly Mediterranean» | ||||
Ainmnithe in ómós | mil | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Vaileite | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 465,292 (2017) | ||||
• Dlús | 1,472.44 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Mháltais Béarla | ||||
Reiligiún | An Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Aontas Eorpach Comhlathas Briotanach (1800–1964) | ||||
Achar dromchla | 316 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Ta' Dmejrek (en) (253 m) | ||||
Pointe is ísle | An Mheánmhuir (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Stát Mhálta agus Crown Colony of Malta (en) | ||||
Cruthú | 21 Meán Fómhair 1964 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | parliamentary democracy (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Mhálta | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Mhálta | ||||
• President of Malta (en) | Marie Louise Coleiro Preca (2014–2019) | ||||
• Príomh-Aire Mhálta | Robert Abela (2020–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil Mhálta | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 17,743,376,199 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .mt | ||||
Glaochód | +356 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 191, 199, 196 agus 116117 | ||||
Cód tíre | MT | ||||
Cód NUTS | MT | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.mt | ||||
Is í an Mháltais caint na sráide i Málta, cé go bhfuil an Béarla á labhairt go forleathan sna cathracha is mó. Ní bhíonn na Máltaigh dall ar an Iodáilis ach an oiread. Canúint Araibise is ea an Mháltais go stairiúil, ach tá sí éirithe chomh breac le focail iasachta ón tSicilis, ón Iodáilis chaighdeánaithe agus ón mBéarla agus nach dtuigeann an tArabach agus an Máltach a chéile inniu ar aon nós. Is dócha go bhfuil níos mó Iodáilise ná Araibise i stór focal na teanga inniu, cé go bhfuil cuma na hAraibise ar an ngramadach i gcónaí.
Is é an Caitliceachas reiligiún dúchasach Mhálta inniu. Bíonn na Máltaigh ag ceiliúradh féilte i ndilchuimhne ar na naoimh Chaitliceacha, agus is cuid thábhachtach de na féilte seo an tine ealaíne, ar traidisiún í i Málta.