Mór-roinn
mórchríoch an domhain / From Wikipedia, the free encyclopedia
Séard atá i mór-roinn (nó ilchríoch) ná cuid ollmhór leanúnach den domhan. Glactar go coitianta leis go bhfuil seacht n-ilchríoch ar domhan:
- an Afraic
- an Áise
- an Antartaice
- an Astraláise (an Aigéine)
- an Eoraip
- Meiriceá Theas
- Meiriceá Thuaidh
Sin ráite, níl aon liosta cinnte de na mór-ranna, de bhrí nach n-aontaíonn gach saineolaí le gach sainiú. De réir córais difriúla, is féidir a rá go bhfuil ceithre, cúig, sé nó seacht ilchríocha ann.