Ocsaíd
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is ocsaíd ann ná comhdhúil cheimiceach ina mbíonn ar a laghad adamh ocsaigine amháin agus dúil eile amháin aici ina fhoirmle cheimiceach. Bíonn, de ghnáth, ainian d'ocsaigine sa stát ocsaídiúcháin -2 sna ocsaídí miotail. Tá an chuid is mó de screamh an Domhain comhdhéanta de ocsaídí soladacha, de thoradh ar na heilimintí a bheith ocsaídithe ag an ocsaigin san aer nó san uisce. Táirgeann dócháin hidreacarbóin an dá phríomh-ocsaídí, aonocsaíd charbóin agus dé-ocsaíd charbóin. Fiú ábhair a mheastar mar íoneilimintí, go minic, forbraíonn siad bratú ocsaíde. Mar shampla, forbraíonn scragall alúmanaim craiceann tanaí de Al2O3 a chosnaíonn an scragall ó chreimeadh breise.