Oileán an Órchiste
From Wikipedia, the free encyclopedia
Úrscéal eachtraíochta leis an údar Albanach Robert Louis Stevenson is ea Oileán an Órchiste (nó Treasure Island i mBéarla). In 1883 a foilsíodh an leabhar, cé gur foilsíodh sraith idir 1881 agus 1882 san iris Young Folks faoin ainm cleite Captain George North.
(en) Treasure Island | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Robert Louis Stevenson |
Teanga | Béarla |
Ealaín chlúdaigh le | Newell Convers Wyeth agus Louis Rhead (en) |
Foilseachán | Londain , an Ríocht Aontaithe, 1883 |
Tréith | |
Seánra | ficsean teacht in inmhe, ficsean farraige, ficsean eachtraíochta agus ficsean píoráideachta |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | North Devon Hispaniola Oileán an Órchiste Meiriceá Easpáinneach |
Ar siúl i gcruinne ficseanúil | Treasure Island universe (en) |
Eile | |
Uimhir OCLC | 7551075 |
Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste[1], agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.
Tá sé ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air. Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta — i bpearsa Long John Silver — rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg.