Pribhéad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tom nó crann beag, duillsilteach nó síorghlas, dúchasach do réigiúin mheasartha. Na duilleoga urchomhaireach leathrúil. Na bláthanna feadánach, le 4 mhaothán leata, bánbhuí cumhra, i mbláthraí scoilte cónacha. Na caora dubh nó corcra, nimhiúil. Fástar cuid mhaith cineálacha mar fháil gairdíní.[1]