Ré an Tuismidh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Ré an Tuismidh (“Dreamtime” an Bhéarla) an téarma a chum antrapeolaithe chun cur síos ar chruinneshamhail chultúrtha agus reiligiúnda a luaitear leis an miotaseolaíocht Bhundúchasach. Ba é Francis James Gillen ba thúisce a bhain feidhm as an téarma, agus ba ghearr gur bhain Baldwin Spencer feidhm as; chuir A.P. Elkin i mbéal an phobail é, cé go ndearna sé athchomhairle ina dhiaidh sin. Is í Ré an Tuismidh an t-am a raibh neacha sinseartha ina gcónaí sa tír, neacha a bhí ina laochra nó a raibh cumhacht osnádúrtha acu. Ní raibh smacht ag na neacha seo ar an saol ábharach agus dá bhri sin tugtar urraim dóibh seachas iad a adhradh.
Tá an téarma Béarla “Dreamtime” bunaithe ar leagan den fhocal altjira (alcheringa) as canúint den teanga Arrernte i Lár na hAstráile. Tá sé maíte gur míthuiscint nó drochaistriúchán atá ann agus gur gaire an bhrí atá leis do “síoraí” nó do “neamhchruthaithe”.[1] Dúirt an t-antrapeolaí William Stanner gur fearr é a thuiscint mar rud ilbhríoch.[2]
Tá an téarma i mbéal an phobail fós agus é á úsáid gan ghrinneas i gcúrsaí turasóireachta, sa chultúr choitianta agus i litríocht ár linne.