Réabhlóid Chultúrtha na Síne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Thosaigh Réabhlóid Chultúrtha na Síne ar an 16 Bealtaine 1966 agus tháinig deireadh leis nuair a bhásaigh Mao Zedong, 'Ceannaire Fíorthábhachtach Dhaon-Phoblacht na Síne' sa bhliain 1976.
Cineál | réabhlóid imeacht stairiúil cultural revolution (en) culture change (en) |
---|---|
Tréimhse | 16 Bealtaine 1966 - 6 Deireadh Fómhair 1976 |
Tír | Daon-Phoblacht na Síne |
Thacaigh an politburo go dílis leis na moltaí a rinne Mao Zedong sa bhliain 1966 “Fógra 16 Bealtaine” nó 五一六通知, a bhí tiomáinte ag ceannas an mhóir ar an mion.[1]
Tógadh cultas pearsan timpeall Mao, Tharla sladmharú agus léirscrios ainsrianta dá bharr. Tháinig saol nua creachach uileghabhálach chun cinn sa tSín.[1]
Idir 1–24 Aibreán 1969, tharla an 9ú Comhdháil de Pháirtí Cumannach na Síne agus d’fhógair Mao go hoifigiúil deireadh Réabhlóid Chultúrtha Mhór na Síne. Ach ní raibh ann ach cur i gcéill chun an fhírinne a cheilt. Rinneadh iarracht coup d'était a dhéanamh sa bhliain 1971 agus maraíodh Lin Biao.
Tháinig Jiang Qin, bean Mao, chun cinn. Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne sna 1970idí, agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair. Roimh bhás Mao, bhí cuid mhór den saol poiblí sa tSín faoi smacht Dhrong an Cheathrair, na meáin agus an bholscaireacht san áireamh.
Bhí sláinte Mao ag meath sna 1970idi agus d'éag 9 Meán Fómhair 1976