Réigiún Murcia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Comhphobal Féinrialaithe Murcia (Spáinnis: Comunidad Autónoma de la Región de Murcia) suite in iardheisceart na Spáinne idir Andalucía agus Comhphobal Valencia ar chósta na Meánmhara.
Réigiún Murcia | |||||
---|---|---|---|---|---|
Región de Murcia (es) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Cathair Murcia | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,518,486 (2021) | ||||
• Dlús | 134.22 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 11,313 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir | ||||
Airde | 348 m | ||||
Pointe is airde | Macizo de Revolcadores (2,014 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Region of Murcia (en) | ||||
Cruthú | 1982 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Council of Government of the Region of Murcia (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Regional Assembly of Murcia (en) | ||||
• Uachtarán Réigiún Murcia | Fernando López Miras (2017–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-MC | ||||
Cód NUTS | ES62 | ||||
INE municipality code (en) | 30 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | carm.es |
Níl ach cúige amháin sa réigiún, rud as an ngnáth do réigiúin na Spáinne. Dá bharr seo, oibríonn rialtas an réigiúin agus an chomhphobail mar aonad amháin. Is í cathair Murcia príomhchathair an chúige.
Tá teorainn aici le Andalucía (cúigí Almería agus Granada); Castilla-La Mancha (cúige Albacete), a bhí ceangailte go stairiúil le Murcia go dtí an bhliain 1833; Comhphobal Valencia (cúige Alicante); agus an Mheánmhuir. Is é Revolcadores (2015 m) an sliabh is mó sa réigiún.
Tá sé 11,313 km² ina achar, agus tá daonra 1.2 million ina gcónaí sa réigiún, trian acu ina gcónaí sa phríomhchathair. Tá 48 contae sa réigiún ina measc Los Alcázares, Caravaca de la Cruz, Cartagena, San Pedro del Pinatar agus ar ndóigh Murcia.
Soláthraíonn an réigiún torthaí, glasraí, agus bláthanna don tír agus don chuid eile na hEorpa. Tá fíon iontach le fáil in aice na mbailte Bullas, Yecla, agus Jumilla, chomh maith le hola olóige in aice le Moratalla. Go ginearálta, is ceantar te é Murcia agus dá bharr sin, is áit oiriúnach í don talmhaíocht. Is beagán frasaíochta atá ann áfach, agus bíonn soláthar uisce ina fhadhb mhór san áit, go háirithe ó thaobh na turasóireachta de. Gan an dara rogha a bheith acu, tógtar uisce ón Río Segura (an abhainn is truaillithe san Eoraip).