Ríocht (bitheolaíocht)
rang tacsanomaíoch / From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa tacsanomaíocht, aicmítear orgánaigh de réir a gcosúlachtaí. Is í an Ríocht (nó Regnum) an rang tacsanomaíochta is airde (de réir staire), nó (sa Chóras Trí-fhearainn) an rang faoi bhun Fhearainn.
Tá an Ríocht roinnte i ngrúpaí níos lú, a ghlaoitear fílim (phyla) orthu (nó i gcomhthéacsanna áirithe Ranna). Faoi láthair, i dtéacsleabhair Mheiriceánacha, úsáidtear an "Córas Sé Ríocht", mar a leanas: Animalia, Plantae, Fungi, Protoctista, Archaea, agus Eubacteria. Úsáideann Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Astráil, srl. an "Córas Cúig Ríocht" (Animalia, Plantae, Fungi, Protista, agus Prokaryota nó Monera). Ba é an t-éiceolaí Robert Whittaker, a chum an córas seo, sa bhliain 1969.
Rinne Carolus Linnaeus (1707-1778), an luibheolaí Sualannach, a chum aicmiú na n-orgánach, idirdhealú idir dhá ríocht d'orgánaigh beo mar shampla, Animalia le ríocht na n-ainmhithe, agus Vegetabilia do ríocht na bplandaí. Roinn Linnaeus gach ríocht i ranganna, níos déanaí i bhFílim nó phyla i gcóir ainmhithe agus rannóga na bplándaí.
De réir a chéile, dealraíodh cé chomh tábhachtach is atá an t-idirdhealú prokaryote/eukaryote, agus chuir Stanier agus van Niel moltaí Edouard Chatton, chun cinn ins na seascaidí.