Ríoghacht Éireann
seantír a bhí ann idir 1542 agus 1801 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Thugtaí Ríoghacht Éireann (Béarla: Kingdom of Ireland) ar Éirinn sa tréimhse idir fógairt Anraí VIII mar Rí na hÉireann ag Acht Choróin na hÉireann 1542 (Béarla:The Crown of Ireland Act 1542) agus Acht an Aontais sa bhliain 1800. Ba thiarnas de chuid na corónach í roimhe sin.
Ríoghacht Éireann | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ríocht na hÉireann (ga) Kingdom of Ireland (en) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Baile Átha Cliath | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | Béarla | ||||
Reiligiún | An Chinsealacht Phrotastúnach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 84,000 km² | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Fear Manach, Bréifne Thiar, Bréifne Thoir agus Tiarnas na hÉireann | ||||
Cruthú | 1542 | ||||
Díscaoileadh | 1 Eanáir 1801 | ||||
Á leanúint ag | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht bhunreachtúil agus monarcacht | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na hÉireann | ||||
• Monarc na hÉireann | Anraí VIII Shasana (1542–1547) |
Rith Parlaimint na hÉireann Acht an Aontais 1800 a chuir deireadh air féin agus ar an Ríocht. Rith Parlaimint na Breataine Móire an t-acht freisin. Bhí éifeacht eile ag an acht, is é sin bunú Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ar an chéad lá den bhliain 1801, lenar aontaíodh corónacha na hÉireann agus na Breataine Móire. Sna blianta tosaigh, bhí aitheantas teoranta ar Ríocht na hÉireann. Cé gur aithin roinnt cumhachtaí Protastúnacha san Eoraip Anraí agus a oidhre Éadbhard mar mhonarch na hÉireann, ní dhearna aon chumhacht Chaitliceach an gníomh céanna sin, ach d'aithníodar mar Thiarnaí ar Éirinn iad. D'aithin an Pápa Pól IV Anraí, an Bhanríon Máire, is í sin iníon Caitliceach Rómhánach Anraí VIII, mar Bhanríon na hÉireann sa bhliain 1555.