Ríomhaireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le ríomhaireacht ná na feidhmeanna agus na húsáidí a bhaintear as innill agus córais ríomhaireachta. Áiríonn sé seo na próisis leictreacha a tharlaíonn laistigh de chomhpháirteanna na gcóras ríomhaireachta (crua-earraí) agus na sonraí agus na treoracha a bhíonn á bpróiseáil ag na córais seo (bogearraí). Áiríonn sé freisin na coincheapa teoirice a rialaíonn córais ríomhaireachta (ríomheolaíocht). B'fhiú breathnú ar an gcatagóir Catagóir:Ríomhaireacht le haghaidh briseadh síos ar na réimsí ríomhaireachta éagsúla.