Sléibhteoireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is sléibhteoireacht ann ná ealaín nó spórt na dreapadóireachta ar shléibhte. I gcás sléibhte arda, féadfaidh go mbeadh dreapadh ar oighear, carraigeacha, nó sneachta a bheith i gceist. Cé gur thosaigh sléibhteoireacht mar iarracht ag an duine an pointe is airde ar shliabh áirithe a dhreapadh roimh duine ar bith eile, sa lá atá inniu ann bíonn trí ghnéith eile san áireamh: carraigcheird, sneachtacheird, agus sciáil ag brath ar cibé an bhfuil ab bealach a roghnaíodh ar shneachta, ar charraigeacha, nó ar oighear. Bíonn taithí, cumas lúthchleasaíochta, agus eolas teicniúil riachtanach le haghaidh sábháilteachta a chothabháil. Is e an UIAA, nó an Union Internationale des Associations d'Alpinisme an coiste domhanda rialaithe don sléibhteoireacht agus dreapadóireacht, a théann i ngleic le saincheisteanna cosúil le rochtain, leigheas, sábháilteacht, cosaint sléibhte, an óige agus oighear dreapadóireachta.