Is cathair i gcomhphobal féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Soria agus í mar phríomhchathair chúige Soria. Tá sí súite i lár-oirthuaisceart na tíre, ach ní i bhfad ó Mhaidrid agus in oirthear an réigiúin. Bhí thart ar 38,800 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2017. Tá sí suite taobh na habhann Duero. Agus í 1,063 méadar thuas ó leibhéal na mara, tá Soria ar an dara príomhchathair chúigeach is airde sa Spáinn. Tá achar 271.77km² aici, é seo ag tabhairt di dlús daonra de 144.13 duine do gach ciliméadar cearnóige agus tá 40% de dhaonra iomláin Chúige Soria ina gcónaí sa chathair. Tá sí ar an bpríomhchathair chúige is lú i gCaistíl agus León agus an dara chathair is lú ina dhiaidh Teruel. Tá gnó agraibhia go háirithe tábhachtach sa réigiún agus tá méadú ar na turasóirí atá ag teacht.