Spáseitilt
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is spáseitilt nó spástaisteal ann ná an úsáid a bhaintear as an spásteicneolaíocht leis an spásbhád a chur ag taisteal amach go dtí an spás. Tá baint ag an spáseitilt leis na satailítí cumarsáide, satailítí breathnaithe an Domhain (na satailítí spiaireachta san áireamh), na réadlanna spáis (na teileascóip a chuirtear ag timpeallú an Domhain le breathnuithe a dhéanamh ar na réaltaí, mar shampla), agus an spástaiscéalaíocht.
I dtús an turas spáseitilte, lainseálfar an roicéad. Sroichfidh an roicéad luas chomh hard is go n-éalóidh sé ó imtharraingt an Domhain (an treoluas éalaithe, mar a deirtear). Nuair a bhainfidh an spásbhád amach an spás ina bhfuil sí saor ó imtharraingt an Domhain, beidh a gluaiseacht á stiúradh ag na dlíthe nádúrtha atá leagtha amach ag lucht staidéir an bhrainse eolaíochta ar a dtugtar réaltdinimic. Fanfaidh cuid de na spásbháid amuigh sa spás go deo, dófar cuid eile nuair a thitfidh siad ar ais san atmaisféar ("athiontráil atmaisféarach", mar a deir an saineolaí), agus déanfaidh cuid eile fós tuirlingt cheart ar dhromchla an Domhain nó ar phláinéad nó ar ghealach éigin.