Teangacha Bundúchasacha na hAstráile
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá teangacha Bundúchasacha na hAstráile ar na teangacha is sine ar domhan, cé go bhfuil líon na gcainteoirí ag laghdú go tiubh. Tá a lán finte teangacha agus teangacha aonair ann a bhaineann leis an Astráil amháin agus le roinnt oileán máguaird; scéal ar leith is ea an Tasmáin. Ní léir faoi láthair cén gaol atá ag na teangacha seo lena chéile, cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i gcúrsaí taighde le roinnt blianta anuas.
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 55,695 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna | |
Cóid | |
ISO 639-2 | aus |
ISO 639-5 | aus |
ASCL | 8 |
IETF | aus |
Sa cheathrú deiridh den 18ú haois bhí idir 350 agus 750 treibh Bhundúchasach ann agus an oiread céanna de theangacha nó de chanúintí.[1] Inniu tá níos lú ná 150 teanga Bhundúchasach ann,[2] agus níl ach fiche ceann acu nach bhfuil i gcontúirt mhór. I measc na dteangacha a mhaireann, níl ach 10% á bhfoghlaim ag páistí, agus sin sna ceantair is iargúlta. Tá ag éirí le teagasc dátheangach i mionphobail áirithe. Timpeall 3,000 cainteoir atá ag na teangacha is treise.
Scar an Tasmáin leis an mór-roinn ag deireadh na hoighearaoise deireanaí, agus meastar nach raibh baint ar bith ag Bundúchasaigh an oileáin úd leis an saol amuigh ar feadh tuairim is 10,000 bliain. Ní féidir a gcuid teangacha a rangú cheal faisnéise, ach dealraíonn sé go raibh cosúlacht éigin idir iad agus teangacha na mór-roinne ó thaobh na fóineolaíochta de.