Teoiric ghinearálta na coibhneasachta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teoiric imtharraingthe is ea teoiric ghinearálta na coibhneasachta. Chum Albert Einstein í idir 1907 agus 1915, agus maíonn sí gurb éard is cúis le hoibriú breathnaithe na himtharraingthe freangadh an spás-ama.
Anuas go dtí an 20ú haois glacadh le teoiric imtharraingthe Isaac Newton, teoiric a dhéanann talamh slán de gur fórsa inbheirthe an imtharraingt atá ábalta dul i bhfeidhm i bhfad uaidh. Dúirt Einstein, áfach, nach dtarraingíonn an damhna aon damhna eile chuige tríd an spás, mar a shamhlaigh Newton. Tá an spás agus an t-am fite fuaite ina chéile ina “spás-am”, agus déanann rudaí an-mhóra an spás-am a fhreangadh. Mar léiriú, is fiú a shamhlú go gcuirtear rud mór i lár traimpilín chun go mbrúitear an fhabraic síos, agus go sleamhnaíonn liathróidín síos ón imeall go dtí an lár dá bharr, faoi mar a bhí sé á “tharraingt”.
Maíonn teoiric Einstein go bhfuil cuaire an spás-ama ag brath ar dháileadh an damhna agus an fhuinnimh atá istigh inti. Is éard a chuireann cor sa scéal dáileadh an damhna agus an fhuinneamh a bheith ag brath ar chuaire an spáis. Fágann seo go bhfuil geoiméadracht an spáis ag brath ar dhamhna agus ar fhuinneamh agus go bhfuil gluaiseacht an damhna agus an fhuinnimh ag brath ar gheoiméadracht an spáis. Dá bhrí sin d’fhéadfadh dhá imeacht titim amach san uair chéanna ó thaobh breathnóra amháin de agus ag uaireanta difriúla ó thaobh breathnóra eile de.
Gluaiseann rudaí gan bhac de réir a dtáimhe féin tríd an spás-ama fhreangtha (mar a dhéanann an Domhan) agus iad ag leanúint conair chuar toisc gurb í sin an cóngar (nó an bealach geodasach) is gaire sa spás-am.
Taispeánann trialacha agus breathnadóireachtaí go míníonn cuntas Einstein ar an imtharraingt roinnt torthaí nach bhfuil mínithe ag dlí Newton. Orthu sin tá aimhrialtachtaí beaga i bhfithis Mhearcair agus i bhfithis pláinéad eile. Tuarann teoiric ghinearálta na coibhneasachta torthaí nua imtharraingthe, ar nós tonnta imtharraingteacha, lionsú imtharraingteach agus amleathadh imtharraingteach.
Uirlis riachtanach í an choibhneasacht ghinearálta sa réaltfhisic. Tugann sí léargas nua ar na dúphoill, réigiúin spáis mar a bhfuil an imtharraingt chomh mór sin nach féidir leis an solas féin éalú. Síltear gurb í an imtharraingt seo is cúis leis an dianradaíocht a astaíonn reanna réalteolaíocha ar nós núicléis réaltracha ghníomhacha nó mionchuasár. Tá baint aici freisin le gnáthshamhail chosmeolaíoch na hOllphléisce.