Turasóireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Séard atá i gceist le turasóireacht ná taisteal mar chaitheamh aimsire nó ar son fóillíochta. De réir an Eagraíocht Dhomhanda Turasóireachta, is turasóirí iad daoine a thaistealaíonn agus a fhanann in áiteanna taobh amuigh dá ngnáth-thimpeallacht ar feadh níos lú ná bliain amháin ar chúiseanna cosúil le fóillíocht, gnó nó sláinte agus gan aon airgead a fháil acu as rud ar bith a dhéanann siad ann ó fhoinsí áitiúla.