Uachtarán na hÉireann
ceann stáit na hÉireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
Fíricí Gasta Sealbhóir, Cónaithe ...
|
|||||
Sealbhóir | Mícheál D. Ó hUiginn ó 11 Samhain 2011 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | Áras an Uachtaráin | ||||
Dlínse | Éire | ||||
Stáit | Éire | ||||
Sainordú | 7 bliain | ||||
Cruthú | 25 Meitheamh 1938 | ||||
Suíomh | president.ie… |
Dún
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.