Ár Jokela
From Wikipedia, the free encyclopedia
Thit Ár Jokela (Fionlainnis: Jokelan kouluammuskelutapaus nó Jokelan koulusurmat) amach ar an 7 Samhain, 2007, i Lárionad Scoile Jokela (Jokelan koulukeskus) i sráidbhaile Jokela i gceantar Tuusula san Fhionlainn. Chaith duine de dhaltaí na scoile, Pekka-Eric Auvinen (Meitheamh 1989-7 Samhain 2007), na céadta urchar ina thimpeall agus mharaigh sé naonúr daoine, mar atá, cúigear buachaillí óga a bhí ag foghlaim sa scoil, banaltra scoile, ardmháistreás na scoile agus bean cúig bliana fichead a bhí ag freastal ar chlár oideachais aosaigh sa scoil. Sa deireadh, chuir sé lámh ina bhás féin. Cé go raibh sé beo i gcónaí nuair a tháinig na póilíní air agus é ina luí ar an urlár, shíothlaigh sé go gairid ina dhiaidh sin in ospidéal Töölö i Heilsincí.
| ||||
Cineál | eirleach lámhach scoile | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 7 Samhain 2007 | |||
Suíomh | Jokela High School, An Fhionlainn (en) , Tuusula, An Fhionlainn | |||
Tír | an Fhionlainn | |||
Líon básanna | 9 | |||
Líon gortaithe | 12 | |||