An Táidsíceastáin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Poblacht iar-Shóivéadach i lár na hÁise is ea an Táidsíceastáin. Tá sí ag críochantacht leis an Úisbéiceastáin, an Afganastáin, an Chirgeastáin, agus an tSín. An chuid is mó de na poblachtaí iar-Shóivéadacha i lár na hÁise, labhraítear teanga Thurcach éigin iontu, ach is eisceacht ar fad í an Táidsíceastáin, nó is canúint de chuid na Peirsise í an Táidsícis, arb í teanga náisiúnta na Táidsíceastáine í. Is í Dushanbe príomhchathair na Táidsíceastáine.
An Táidsíceastáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ҷумҳурии Тоҷикистон (tg) Тоҷикистон (tg) | |||||
|
|||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta na Táidsíceastáine | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Dushanbe | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,921,343 (2017) | ||||
• Dlús | 62.34 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Táidsícis an Rúisis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 143,100 km² | ||||
Pointe is airde | Ismoil Somoni Peak (en) (7,495 m) | ||||
Pointe is ísle | Syr Darya (300 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Táidsíceastáine agus An tAontas Sóivéadach | ||||
Cruthú | 9 Meán Fómhair 1991 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht reachtach | Supreme Assembly (en) | ||||
• President of Tajikistan (en) | Emomali Rahmon | ||||
• Príomh-Aire na Táidsíceastáine | Kokhir Rasulzoda (2013–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 8,937,805,347 $ (2021) | ||||
Airgeadra | somoni na Táidsíceastáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .tj | ||||
Glaochód | +992 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
Cód tíre | TJ | ||||
Tá sé tábhachtach an fhíor-Tháidsícis a aithint thar na teangacha a labhraítear i Sléibhte Pamir. Tugtar "Táidsícigh" ar mhuintir na sléibhte seo, ach le fírinne, tá a gcultúr an-difriúil le cultúr na bhfíor-Tháidsíceach, agus na teangacha féin dothuigthe ar fad ag muintir na Táidsíceastáine. Is é an t-aon ghaol amháin atá acu leis an Táidsícis gur teangacha Iaránacha iad freisin, agus iad i bhfad níos seanársa ná an fhíor-Tháidsícis.
Cosúil leis na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile, bhain an Táidsíceastáin amach a neamhspleáchas sa bhliain 1991, ach go gairid ina dhiaidh sin, bhris cogadh cathartha amach sa tír a mhair go dtí an bhliain 1997. Cé gur tháinig deireadh leis an gcogadh, tá todhchaí na tíre idir eatarthu i gcónaí, agus trúpaí Rúiseacha, Francacha agus Meiriceánacha ar garastún ansin leis na sceimhlitheoirí Moslamacha a choinneáil amuigh nó a cheapadh.