Cinedheighilt
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist leis an gcinedheighilt[1] ná an córas apartheid (an apairtéid as Gaeilge, uaireanta) a bhí i bhfeidhm san Afraic Theas ón mbliain 1948 go dtí na 1990idí. Tháinig an focal féin apartheid ón Afracáinis, an leagan den Ollainnis a labhraítear san Afraic Theas, agus is é is brí leis ná "scarúint" nó "scarthacht" (apart = scartha, -heid = -cht, cf. an iarmhír -heit sa Ghearmáinis agus -hood i bhfocail Bhéarla cosúil le neighbourhood, manhood nó maidenhood).
Tháinig an córas seo in úsáid nuair a ghnóthaigh na páirtithe Búracha, an Páirtí Náisiúnaíoch agus an Páirtí Afrikaner, olltoghcháin na bliana 1948.
I ré na cinedheighilte, bhí muintir na hAfraice Theas deighilte ina gceithre chine, mar atá, na Bána, na Gormaigh, na Daiteánaigh agus na hIndiaigh, agus na dreamanna seo á gcoinneáil scartha scoite ó chéile. Luíonn sé le réasún nach raibh cead ag aon duine pósadh thar theorainn na gciníocha, ach, thairis sin, ní raibh de chead acu dul ag snámh sna cladaí céanna, úsáid a bhaint as na leithris chéanna, ná dul ar na scoileanna céanna. Rinneadh iarrachtaí leis na ciníocha éagsúla a chosaint ar chuideachta a chéile ar gach leibhéal.