Clark Gable
aisteoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Aisteoir Meiriceánach ab ea Clark Gable (1 Feabhra, 1901 – 16 Samhain, 1960). Cuimhnítear air mar shár-aisteoir, agus scannáin mar Mutiny on the Bounty, San Francisco agus Gone with the Wind fágtha le hoidhreacht againn.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Ar an iomlán, rinne Gable 75 scannán. D’oibrigh sé leis na haisteoirí is mó clú agus cáil ag an am sin, mar shampla Marilyn Monroe, Jack Lemmon, Tony Curtis, Dean Martin, Robert Mitchum, Laurence Olivier, Ginger Rogers, agus Jane Russell srl.
Bhí sé iontach dóighiúil, an 'fear leis an tsúil ghéar'.
Is dóch gurbh é Gone with the Wind, scannán a rinneadh de leabhar Margaret Mitchell an ceann a rinne a ainm agus a chlú agus a d'fhág againn mar réalta é. Ba é an ról is clúití a bhí aige ná a pháirt mar Rhet Butler.[1]