Corn Uí Rinn
From Wikipedia, the free encyclopedia
Comórtas agus duais iomána é Corn Uí Rinn nó Corn Chriostóir Uí Rinn (Béarla: Christy Ring Cup), atá eagraithe ag Cumann Lúthchleas Gael do na contaetha as "Sraith 3", nó na foirne atá níos laige sa spórt. Téann na foirne as Sraith 1 isteach i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann, ach imríonn na foirne eile i gCorn Uí Rinn.
Fíricí Gasta Cineál, Spórt ...
Cineál | comórtas spóirt |
---|---|
Spórt | iomáint |
Ainmnithe in ómós | Criostóir Ó Rinn |
Eagraí | Cumann Lúthchleas Gael |
Áit agus dáta | |
Tír | Éire |
Dátaí | 2005 – |
Dún
Tá an corn ainmnithe i ndiaidh Criostóir Uí Rinn, duine de na hiománaithe ab fhearr riamh. Imríodh an cluiche ceannais tionscnaimh i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath ar an 14 Lúnasa 2005, idir an Dún agus an Iarmhí.