Creachadh Chaisil, 1647
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Creachadh Chaisil (nó Sléácht Chaisil) ar 15 Meán Fómhair 1647, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag, nuair a rinne Murchadh Ó Briain (nó an Iarla Inse Chuinn) scrios iomlán ar gharastún na Comhdhála, a bhí lonnaithe ar Charraig Phádraig.
Fíricí Gasta Cineál, Cuid de ...
| ||||
Cineál | creach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadh na hAon Bhliana Déag | |||
Dáta na bliana | 15 Meán Fómhair 1647 | |||
Suíomh | Caiseal, Éire | |||
Dún
Gníomh mínáireach a bhí ann, fiú le linn bhlianta corracha na 17ú haoise. Rinne Murchadh léirscrios ar Chúige Mumhan le linn an ama seo,[1] rud a tharraing Murchadh na dTóiteán air mar leasainm.
Nuair a d’ionsaigh Murchadh ardeaglais Chaisil, bhí Teabóid ar dhuine den seachtar sagart a maraíodh ann. Deir John Lynch in De Praesulibus Hiberniae go raibh uisce coisricthe á chroitheadh ag Teabóid ar na saighdiúirí a bhí ar tí a mharaithe.[2]