Gamal Abdel Nasser
an dara uachtarán na hÉigipte (1918-1970) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Iar-Uachtarán na hÉigipte ab ea Gamal Abdel Nasser (15 Eanáir 1918 – 28 Meán Fómhair 1970).
Ar 23 Iúil 1952, ghabh Gamal Nasser, in éineacht le Mohamed Naguib, an chumhacht le lámh láidir. Cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad monarcachta bunreachtúla. Treascraíodh an Rí Farouk agus a réimeas lofa.
- Príomhalt: Réabhlóid Éigipteach (1952)
Tharla Géarchéim Shuais sa bhliain 1956, idirghabháil mhíleata mhí-ámharach de chuid na Ríochta Aontaithe agus na Fraince san Éigipt. Cuireadh Nasser chun tosaigh mar laoch,
- Príomhalt: Géarchéim Shuais
Cuireadh tús le Cogadh na Sé Lá ar an 5 Meitheamh 1967 nuair a rinne Iosrael ionsaí ar an Éigipt.
- Príomhalt: Cogadh na Sé Lá
Bhí Nasser trom ar an tobac agus bhí diaibéiteas air. Bhuail taomanna croí é sa bhliain 1966 agus arís i 1969. Tháinig drochthaom croí ar Nasser ar 28 Meán Fómhair 1970.
Bhí tionlacan ollmmhór leis ... breis is 5 milliún ar an tsochraid, Laoch a bhí ann, ina dtuairim siúd