Grian
an réad is mó sa Ghrianchóras / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Ghrian (siombail: ) an réalta is mó sa ghrianchóras. Tá an Domhan á timpeallú faoi 150 milliún ciliméadar di, agus glactar leis an meánfhad ón nGrian go dtí an Domhan mar aonad réalteolaíoch. Abhacréalta bhuí is ea an Ghrian, agus í comhdhéanta as an hidrigin, den chuid is mó.
Sroicheann an teocht ar dhromchla na Gréine tuairim is cúig mhíle céim Celsius, ach sa chroílár, áit a bhfuil an t-imoibreoir comhleá ag obair, tá sé i bhfad níos teo fós, mar atá, timpeall ar chúig mhilliún déag de chéimeanna Celsius.
Tá níos mó ná 99 % de mhais an Ghrianchórais comhchruinnithe sa Ghrian, agus is í an Ghrian a choinníonn an saol agus an bheatha ag imeacht ar dhroim an Domhain. Tugann an Ghrian an fuinneamh a chuireann na gaotha ag séideadh agus an aimsir ag athrú. Tríd is tríd, ní bheadh an domhan ann mar is eol dúinn é, ach go bé go bhfuil an Ghrian ann.
Cé go bhfuil an Ghrian i bhfad rógheal le go n-aithneodh súile an duine aon difríochtaí gile uirthi, is féidir le lucht eolaíochta spotaí a fheiceáil ar a dromchla nach bhfuil chomh geal lena dtimpeallacht. Tugtar grianspotaí ar na smáil seo. Tá baint acu le maighnéadas na Gréine, agus iad ag dul i bhflúirse agus i ngainne arís, de réir tréimhse aon bhliain déag.
Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil sé an-dainséarach do na súile breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian, agus go bhfuil modhanna oibre ar leith ag teastáil leis na dainséir a sheachaint.