Logainm.ie
Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon le taighde oifigeach logainmneacha an Stáit / From Wikipedia, the free encyclopedia
Bunachar de logainmneacha údarásacha Gaeilge agus Béarla na hÉireann is ea Logainm.ie, agus tionscadal de chuid grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU).[1] Tá Logainm.ie faoi stiúir Fiontar i DCU maraon le Gaois, Dúchas, Téarma.ie agus Ainm.ie.[2]
Fíricí Gasta URL, Cineál ...
URL | http://www.logainm.ie |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin agus geographical names database (en) |
Teanga | an Ghaeilge |
Iontráil i seirbhís | 2008 |
Dún
Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.
Is iad príomhchuspóirí an tionscadail[1]
- teicneolaíocht úrscothach a chur ar fáil chun taighde logainmníochta an Bhrainse Logainmneacha (Rialtas na hÉireann) a éascú agus
- sonraí logainmníochta an Stáit a chraobhscaoileadh trí logainm.ie.