Na Cluichí Gaelacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar cluichí Gaelacha ar na cluichí dúchasacha a imrítear in Éirinn - peil Ghaelach na bhFear, peil Ghaelach na mBan, iomáint, camógaíocht, cluiche corr agus liathróid láimhe. Bhí na sean-spóirt Éireannacha ag imeacht i léig de réir a chéile agus an 19ú haois ag druidim chun deiridh, ach tugadh borradh an-mhór dóibh nuair a thosaigh an tAthbheochan Gaelach, agus le bunú an Chumainn Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 ach go háirithe.
Is iad na cluichí seo cluichí traidisiúnta náisiúnta na hÉireann. Réachtalaíonn Cumann Lúthchleas Gael iad (tá cumann speisialta ag peil na mban). Tá ceanncheathrú CLG i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.