Íomháú míochaine
From Wikipedia, the free encyclopedia
Raon próiseas is gaireas a úsáidtear sa mhíochaine ina ndéantar íomhánna nó pictiúir de na horgáin is fíocháin taobh istigh den cholainn. Mar shampla, úsáidtear X-ghathanna a fhorleathann tríd an gcolainn chun pictiúir scáileach de na cnámha sa cholainn a sholáthar don dochtúir.
Forbraíodh míochaine núicléach, le híomhánna de dháiltí radanúiclídí i réigiúin na colainne a sholáthar.
Ó timpeall 1970 tá teicneolaíochtaí nua tomagrafaíocha íomháithe á saothrú, mar atá, scanadh CT, ultrafhuaim, aingíografaíocht dhealaithe dhigiteach, íomháú athshondais mhaighnéadaigh, tomagrafaíocht astú posatrón, agus is mór an feabhas atá curtha ar dhiagnóis sa mhíochaine leo.