Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is bailiúcháin de 17 mór spriocanna ag na Náisiúin Aontaithe iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nó Spriocanna Forbartha (Béarla: Sustainable Development Goals nó Global Goals). Tháinig na spriocanna i bhfeidhm in 2015 agus beidh siad i bhfeidhm suas go dtí 2030. Tá 169 fóspriocanna i bhfeidhm laistigh de na 17 mór spriocanna freisin.
Roimh na spriocanna seo a bheith i bhfeidhm ag na NA bhí na Spriocanna Forbartha na Mílaoise (Millennium Development Goals) i bhfeidhm idir 2000 agus 2015.
Tá a lán eagraíochtaí eile a oibríonn leis na Náisiúin Aontaithe timpeall na cruinne an-dáiríre faoi na spriocanna seo a bhaint amach. Tá comhcheangal in Éirinn darb ainm Coalition 2030 atá mar ngréasán do heagraíochtaí, grúpaí agus gníomhairí in Éirinn bainteach leis na spriocanna seo. Cuireann eagraíochaí leithéídí Cúnamh Éireann[1] (Irish Aid) agus Dóchas[2] tábhachtach mhór ar chur i bhfeidhm na spriocanna freisin agus bíonn eagraíochtaí agus gníomhairí áirithe timpeall na cruinne i gcónaí ag iarraidh aird a tharraingt ar na spriocanna ó thaobh an leibhéal rialtas de sna tíortha a gceapfar nach bhfuil aird ar leith ar na spriocanna.
Is iad na spriocanna ná:
- Sprioc 1 – Deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit.
- Sprioc 2 – Deireadh a chur le hocras; slándáil bia chomh maith le cothú níos fearr a bhaint amach; agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.
- Sprioc 3 - Maireachtáil fholláin a dheimhniú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois.
- Sprioc 4 – Oideachas d’ardchaighdeán atá cuimsitheach agus cothrom a dheimhniú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách.
- Sprioc 5 – Comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní a chumasú.
- Sprioc 6 – Fáil ar uisce agus bainistiú inbhuanaithe ar uisce agus ar shláintíocht a dheimhniú do chách.
- Sprioc 7 – Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a dheimhniú do chách.
- Sprioc 8 – Fás geilleagrach marthanach, cuimsitheach, inbhuanaithe, lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn.
- Sprioc 9 - Bonneagar marthanach a thógáil; tionsclaíocht chuimsitheach, inbhuanaithe a chur chun cinn; agus nuálaíocht a chothú.
- Sprioc 10 – Neamhionannas laistigh agus idir thíortha a mhaolú.
- Sprioc 11 – Cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh cuimsitheach, sábháilte, marthanach agus inbhuanaithe.
- Sprioc 12 – Patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgeachta a dheimhniú.
- Sprioc 13 – Gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus a thionchar.
- Sprioc 14 – Na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní mara a chaomhnú agus a úsáid ar son forbartha inbhuanaithe.
- Sprioc 15 – Éiceachórais talún a chosaint agus a athshlánú agus a n-úsáid inbhuanaithe a chur chun cinn; foraoisí a bhainistiú ar mhodh inbhuanaithe; dul i ngleic le fairsingiú fásaigh; díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú agus deireadh a chur le cailliúint bithéagsúlachta.
- Sprioc 16 – Sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe; rochtain ar cheart a sholáthar do chách; agus institiúidí atá éifeachtach, cuntasach agus cuimsitheach a thógáil ag gach leibhéal.
- Sprioc 17 – Na modhanna feidhmithe a neartú agus an chomhpháirtíocht dhomhanda um fhorbairt inbhuanaithe a athbheochan.