Taochas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is traidisiún fealsúnach agus spioradálta de bhunadh na Síne é an Taochas, nó an Daochas, a chuireann béim ar mhaireachtáil ar aon dul leis an Tao (Sínis: 道; Pinyin: Dào; lit. ‘Bealach’, nó Dao). San Taochas, is é an Tao foinse, patrún agus substaint gach rud a bhíonn ann.[1][2] Múineann an Taochas faoi na disciplíní éagsúla chun "foirfeacht" a bhaint amach trí bheith ar aonintinn le rithimí neamhphleanáilte na n-uile, ar a dtugtar "an bealach" nó "Tao".[3] Athraíonn eitic an Taochais ag brath ar an scoil ar leith, ach go ginearálta bíonn claonadh acu chun béim a chur ar wu wei (gníomh gan rún), "nádúrthacht", simplíocht, spontáineacht agus na Trí Sheod :慈, "comhbhá",儉, "tíosacht" agus不敢爲天下先, "umhlaíocht".