Ailléil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá in ailléil[1] ceann de dhá chineál nó os a chionn de ghéin nó de lócas géiniteach (ar grúpa géinte é go minic). Uaireanta is iad na hailléilí is ciontach le tréithe feinitíopacha ar nós líocha. Achoimre ar "allamorf" atá ann, focal a úsáideadh tráth i gcúrsaí géineolaíochta chun cuntas a thabhairt ar shaghsanna difriúla de ghéin a aithníodh mar fheinitíopaí difriúla. Tagann sé ón ngas Ghréigise ἄλλος (allos) agus alius (eile) na Laidine, focail a thugann αλληλους (allelos) - "a chéile".
Tá dhá chuid crómasóm ag an gcuid is mó d'orgánaigh ilcheallacha, rud a fhágann go bhfuil siad dioplóideach. Tugtar crómasóim homalógacha orthu. Tá aon chóip amháin de gach géin (aon ailléil amháin, mar sin) ar gach crómasóm ag orgánaigh dhioplóideacha. Más ionann iad an dá ailléil, is homaisiogóit iad. Má tá siad difriúil le chéile, is heitrisiogóit iad.
De ghnáth gheofá a lán ailléilí ag gach lócas i measc aonán difriúil i speiceas áirithe. Meastar ilchineálacht na n-ailléilí ag lócas mar uimhir na n-ailléilí atá ann nó mar an méid heitrisiogót i bpobal. Ag lócas géineach na n-antaiginí carbaihiotráiteacha sa tíopa fola ABO, aithníonn an ghéineolaíocht chlasaiceach trí ailléil, IA, IB, and IO, a shocraíonn comhoiriúnacht na bhfuilaistrithe. Is féidir le duine aon cheann de shé ghéinitíopa (AA, AO, BB, BO, AB, and OO) a bheith aige, agus iad in ann aon cheann de cheithre fheinitíopa a shíolrú: "A" (a thagann as géinitíopaí homaisiogótacha AA agus as géinitíopaí heitrisigeacha AO), "B" (a thagann as géinitíopaí homaisigeacha BB agus as géinitíopaí heitrisiogótacha BO), heitrisiogóit "AB" agus homaisiogóit "O". Is fios anois gur rang ailleílí ilchineálacha a bhfuil seichimh dhifriúla ADN acu na hailléilí A, O agus O agus iad ag síolrú próitéiní a bhfuil na tréithe céanna acu: tá eolas ar bhreis is 70 ailléil ag an lócas ABO.[2] Is féidir le duine a bhfuil fuil "Tíopa A" aige a bheith ina heitrisiogót AO, ina homaisiogót AA nó ina heitrisiogót A'A le dhá ailléil dhifriúla 'A'.