An Nollaig
From Wikipedia, the free encyclopedia
Saoire i bhféilire na Críostaíochta is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis), fhéile bhliantúil lena gceiliúrtar breith Íosa Críost ar an 25 Nollaig.[1]
- Baineann an t-alt seo le féile Chríostaí na Nollag. Tá eolas faoi Mí na Nollag le fáil ar leathanach eile.
Cineál | lá féile Críostaí saoire phoiblí federal holiday in the United States (en) |
---|---|
Comóireann sé | Breith Chríost |
Cuid de | Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí agus aimsir na Nollag |
Lá | 25 Nollaig (Eaglais Chaitliceach Rómhánach) December 25 (en) 19 Eanáir (Armenian Patriarchate of Jerusalem (en) ) 24 Nollaig (an Danmhairg, an tSualainn, an Ghearmáin) 6 Eanáir Koiak 29 (en) |
Le cuid | |
Haischlib | #Christmas agus #Xmas |
De réir na soiscéal, rugadh Íosa don Mhaighdean Muire sa Bheithil, áit a raibh sí féin agus a fear céile Iósaf ar lóistín i ndiaidh dóibh an áit a bhaint amach le clárú i ndaonáireamh Rómhánach. De réir mar a deir lucht leanúna na Críostaíochta, tháinig tairngreacht na bhfáithe Giúdacha isteach fíor nuair a rugadh Íosa, nó bhí sé sa tairngreacht go dtiocfadh Slánaitheoir de theach agus de threabhchas Dháiví chun an saoil. Inniu, is saoire mhór phoiblí í an Nollaig ar fud an domhain, fiú ina lán de na tíortha nach bhfuil cónaí ar mhórán Críostaithe iontu. Ábhar mór díospóireachta é i gcónaí, cén t-am a saolaíodh Íosa i ndáiríre, nó níl na saineolaithe cinnte faoin mbliain cheart féin.