Blag
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is weblog, blog nó, as Gaeilge, blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.[1]
Sainmhíniú eile ná dialann idirlín, nó leathanach gréasáin a gcuirtear iontrálacha nua leis i rith an ama, agus na hiontrálacha á gcur ar taispeáint ionas gurb í an iontráil is úire an ceann is airde thuas.
Tá an focal féin, blog as Béarla, bunaithe ar an téarma weblog nó web logbook, is é sin, logleabhar gréasáin.