Bunús na géineolaíochta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá géinte déanta de mhóilín fada a dtugtar Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach nó ADN (Béarla:Deoxyribonucleic acid nó DNA) air. Déantar cóipeanna de seo agus seoltar ó ghlúin go glúin é. Tá an ADN féin déanta d'aonaid shimplí a dtugtar núicléitídí orthu agus atá leagtha amach in ord áirithe laistigh den mhóilín. Tá eolas géineach le baint as an ord sin. An cód géiniteach is ainm don "teanga" a úsáideann an ADN, teanga a ligeann d'orgánaigh eile eolas géiniteach a léamh. Tugtar ailléil ar gach foirm ar leith de ghéin, agus is iad na hilléilí a fhágann dath áirithe, mar shampla, ar na súile nó ar an ngruaig. Tagann ailléilí nua ann de bharr sóchán (athruithe fánacha), agus tagann tréithe nua ann ar an dóigh chéanna, rud a bhfuil tábhacht leis i gcúrsaí éabhlóide.