Caithne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tom nó crann beag síorghlas is ea an chaithne. Tá timpeall is 12 speiceas di ann, iad go léir sa ghéineas Arbutus i bhfine na nEricaceae. Tá sí dúchasach do réigiún na Meánmhara is iarthar na hEorpa, chomh fada ó thuaidh le hÉirinn. Na duilleoga scothdhearg, na bláthanna bán clogchruthach i gcrobhaingí crochta, na torthaí dearg sféarúil agus clúdaithe le faithní.[1]