Cath Thoraí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Comhrac cabhlaigh na gCogaí Réabhlóideacha Francacha ba ea Cath Thoraí. Uaireanta tugtar Cath Dhún na nGall, Cath Loch Suilí nó Comhrac Warren air. Troideadh an cath ar an 12 Deireadh Fómhair 1798 idir scuadrúin Francacha agus Briotanacha amach ó chósta Chontae Dhún na nGall in Éirinn.
Éirí Amach 1798 in Éirinn agus Cogaí Réabhlóideacha na Fraince | |
---|---|
Cineál | cath cabhlaigh |
Dáta | 12 Deireadh Fómhair 1798 |
Comhordanáidí | 55.3°N 8.5°W / 55.3; -8.5 |
Áit | Toraigh |
Tír | Ríoghacht Éireann |
Rannpháirtithe | Ríocht na Breataine Móire |
Ba é an comhrac deireanach é Cath Thoraí den Éirí Amach 1798, agus ba é a chuir críoch leis an iarracht a rinne Cabhlach na Fraince ar líon suntasach saighdiúirí a thabhairt i dtír in Éirinn.
Sháigh Cumann na nÉireannach Aontaithe iad féin isteach in éirí amach in aghaidh riail na Breataine in Éirinn i mí na Bealtaine 1798 faoi stiúir Theobald Wolfe Tone. Le himpí na gceannairceach, tháinig fórsa beag Francach i dtír faoi stiúir an Ghinearáil Humbert i gCill Ala. Ach ag tús mhí Mheán Fómhair, bhí an tsluaíocht seo agus an t-éirí amach araon buailte. Ní raibh na Francaigh ar an eolas go raibh an t-éirí amach buailte agus an 16 Meán Fómhair cuireadh breis fórsaí Francacha chun bealaigh. Bhí an Cabhlach Ríoga san airdeall ar fhórsa ionraidh eile, áfach, tar éis dóibh fórsa ionradh amháin a chailleadh, agus nuair a d’fhág an scuadrún Brest agus na fórsaí á n-iompar acu, ba ghearr gur tugadh faoi deara iad.
Tar éis tóraíocht fhada, tosaíodh cath leis na Francaigh i gcuan amach ó Dhún na nGall gar do Thoraigh. Le linn an chatha, rinne na Francaigh – a raibh líon ní ba lú acu i gceist – iarracht éalú ach sáraíodh iad de réir a chéile. Ghabh na Briotanacha ceithre long agus scaip siad na marthanóirí. Ar feadh coicíse ina dhiaidh sin, dheifrigh patróil fhrigéid Bhriotanacha sa tóir ar na Francaigh an bealach ar ais chuig Brest, agus ghabh siad trí long eile. Níor tháinig ach dhá fhrigéad agus scúnar amháin slán as na deich long sa scuadrún Francach bunaidh. Maidir leis na Briotanacha, níor chaill siad mórán le linn an fheachtais.
Is éard a bhí sa chath ná iarracht dheireanach an Chabhlaigh Fhrancaigh ionradh a sheoladh in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór. Ba é sin deireadh le dóchas na nÉireannach Aontaithe go bhfaighidís tacaíocht ón taobh amuigh agus iad ag dul i ngleic leis an mBreatain. Tar éis an chatha, aithníodh Tone agus é ar bord na loinge ceannais Francach gafa agus gabhadh é. Rinneadh é a thriail do thréas, ciontaíodh é agus chuir sé a lámh ina bhás féin roinnt uaireanta sula raibh sé le crochadh.