Christiane Nüsslein-Volhard
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bitheolaí a rugadh i Magdeburg na Gearmáine is ea Christiane Nüsslein-Volhard (r. 1942). Ag obair le Eric Wieschaus ar an gcuileog torthaí, d'aimsigh sí géinte a chinneann plean na colainne is cruthú theascáin na colainne.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Le Edward Lewis is Eric Wieschaus, bhuaigh sí Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1995 as taighde ar na bealaí a rialaíonn na géinte forbairt is fás luath an tsutha dhaonna.
D'fhoilsigh sí leabhar cáiliúil ar a saothar, Coming to Life: How Genes Drive Development (Ag Teacht chun Beatha, 2006).[1]