Coirne
From Wikipedia, the free encyclopedia
An chuid thrédhearcach thosaigh de chumhdach seachtrach cosanta mheall na súile. Bíonn a cuaire difriúil ó dhuine go duine agus de réir aoise (níos mó san ógánach, níos lú sa seanduine). Más mór an éagothroime idir an chuaire chothrománach is an chuaire ingearach, ní bíonn an tsúil in ann líne chothrománach is líne ingearach a fhócasú ag an bpointe céanna: tugtar aistiogmatacht ar an riocht sin. Bíonn an choirne freagrach as athraonadh an tsolais a théann isteach sa tsúil, á fhócasú go neasach ar an reitine ionas nach gá don lionsa ach mionathrú mín deireanach a dhéanamh. Níl aon fhuileadáin i gcoirne an duine fhásta, ach amháin ag na himill. Is féidir gurb é sin an chúis nach ndiúltaítear do bheanguithe coirne.[1]
Fíricí Gasta Sonraí, Laidin ...
Sonraí | |
---|---|
Laidin | cornea |
Cuid de | súil dhaonna agus súil |
Aitheantóirí | |
MeSH | D003315 |
TA | A15.2.02.012 |
FMA | 58238 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1070 |
EB Online | science/cornea |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Dún