Comhaontas Glas
páirtí polaitíochta in Éirinn / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é An Comhaontas Glas (Béarla: The Green Party) páirtí polaitiúil glas na hÉireann. Bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1981 é faoin ainm Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann (Ecology Party of Ireland as Béarla), ach athraíodh an t-ainm go The Green Party/An Comhaontas Glas sa bhliain 1987. Tháinig fás suntasach ar Na Glasaigh mar a ghlaoitear orthu, agus sa lá atá inniu ann tá ionadaithe acu ar gach leibhéal rialtais in Éirinn agus san Eoraip.[fíoras?] Chomh maith leis sin, tá cónaidhm comhoibrithe speisialta acu le Páirtí Glas Thuaisceart Éireann ó 2006. Cuid de ghluaiseacht idirnáisiúnta na nGlasach é an Comhaontas Glas. Tá eagraíocht óige bainteach leis an bpáirtí chomh maith, mar atá, Óige Ghlas.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | GP | ||||
Cineál | Comhaontas Glas | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | polaitíocht ghlas | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 3 Nollaig 1981 | ||||
Bunaitheoir(í) | grúpa daoine | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Comhaontas Glas na hEorpa | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Roderic O’Gorman | ||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | greenparty.ie | ||||
Meastar go ginearálta gur páirtí den eite chlé atá sa Chomhaontas Glas, agus iad ag tacú le dáileadh níos cothroime d'airgead agus d'acmhainní eile, ról níos mó ag an rialtas i ndul i ngleic leis an easpa dídine, cánacha níos airde ar na daoine saibhre, agus tacaíochtaí sóisialta níos fearr do na daoine bochta.[1] I láthair na huaire, áfach, tá an páirtí i gcomhrialtas le dhá pháirtí níos mó, Fianna Fáil agus Fine Gael, a meastar a bheith ar an eite dheis. Páirtí liobrálach i dtaobh na gceisteanna sóisialta atá ann, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú i bPoblacht na hÉireann i 2018.[1]