Conradh Luimnigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Chuir Conradh Luimnigh deireadh leis an gcogadh in Éirinn idir na Seacaibítigh agus lucht leanúna Uilliam Oráisteach (Uilleam III Shasana). Chuir sé clabhsúr ar léigear Luimnigh sa bhliain 1691. Dhá chonradh a bhí ann i ndáiríre agus síníodh iad beirt ar 3 Deireadh Fómhair 1691. Deirtear go ndearnadh é seo ar "Chloch an Chonartha," bloicín éagothrom aolchloiche a bhíodh ina cheap marcaigh agus atá ar taispeáint anois ar bhonn i Luimneach.[1][2]
Fíricí Gasta Cineál, Dáta na bliana ...
Cineál | conradh síochána |
---|---|
Dáta na bliana | 1691 |
Suíomh | Luimneach, Éire |
Tír | Éire |
Dún