Dlí Hooke
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa bhfisic, dlí a deir go bhfuil an straidhn in ábhar díreach i gcomhréir leis an strus is bun léi. Ainmnithe as an bhfisiceoir Sasanach Robert Hooke (1635-1703) a d'fhionn é. Ní fíor é ach nuair a bhíonn an strus an-bheag. Tagann sé i bhfeidhm i lingeáin (spriongaí) mar seo: nuair a chuirtear straidhn bheag i bhfeidhm ar an lingeán le síneadh beag (x), tagann fórsa aischurtha (F) i bhfeidhm a bhíonn díreach i gcomhréir le fad an tsínidh/an chomhbhrú. , ar tairiseach é k, tomhas ar dhoichte an lingeáin.[1]