Dál Messin Corb
From Wikipedia, the free encyclopedia
Rítheaghlach na Laigean ba ea Dál Messin Corb, i dteannta le Dál Chormaic. De shliocht Messin Corb ba ea iad, agus daoine deireanacha desna Fir Domhnann.[1] Sa cúigiú agus séú haoiseanna, cuireadh an ruaig orthu as a gcuid críoch ar an Life agus i gContae Chill Mhantáin isteach.[2]
Uí Garrchon ba ea príomhghéag an rítheaghlaigh. Deirtear go raibh Naomh Caoimhín de Ghleann Dá Loch síolraithe ó Uíbh Náir, mionghéag an dreama úd.[3]