Eachtra Maguire agus Lennon (Fionnachaidh, 1976)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar an 10 Lúnasa 1976, ar Bhóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste, scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir. Maraíodh Lennon ar an toirt.[1][2][3][4][5]
Fíricí Gasta Cineál, Dáta na bliana ...
Cineál | tarlú |
---|---|
Dáta na bliana | 1976 |
Suíomh | Baile Andarsan, Northern Ireland |
Dún
Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo Anne Maguire agus a triúr páistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl. Fuair an tríú páiste, John, bás an lá ina dhiaidh. Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá, sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
Chuir Anne Maguire lámh lena bás féin 41 mí ina dhiaidh an eachtra.