Fraoch
speiceas plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tom beag dosach síorghlas, dúchasach don Eoraip thuaidh is thiar is ea fraoch.[1] Na duilleoga i bpéirí 1-2 mm ar fhad, cosúil le lanna le maotháin bhunacha ag gobadh ar cúl. Na bláthanna bídeach i spící scaoilte, 4 sheipeal, 4 pheiteal, iad uile corcra. An planda ceannasach ar ithreacha aigéadacha, fraochmhánna is riasca go minic. Is minic a fhásann fraoch in éineacht le fraochán.
Calluna vulgaris | |
---|---|
Sonraí | |
Gnáthóg | fraochmhá, portach, dumhach, smell of burning (en) agus pine forest (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Géineas | Calluna |
Speiceas | Calluna vulgaris Hull |
Ainmníocht | |
Basainm | Erica vulgaris |
Tá an fraoch mór in úsáid le fada an lá sa daonleigheas. Is antaiseipteán maith fuail é agus fualbhrostach éifeachtach atá ann. Sa leigheas traidisiúnta, déantar ceirín te leis chun fuachtáin a chóireáil. Is féidir insileadh de na buinneoga faoi bhláth a úsáid le cásacht, slaghdán, agus anoird duáin agus lamhnáin a chóireáil. As siocair gur planda glantacháin agus dithocsainithe atá ann, is féidir é a úsáid leis na scoilteacha, le hairtríteas agus le heasuan a chóireáil. Baintear úsáid as na craobhacha ar dhóigheanna éagsúla, mar shampla mar insliú, sa tuíodóireacht, sa chaoladóireacht, agus i ndéanamh rópaí agus scuab. Faightear ruaim bhuí ón bplanda agus tá an choirt mar fhoinse tainnine.[2]