Gabriele d'Annunzio
scríbhneoir Iodálach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Iodálach ab ea Gabriele d'Annunzio (nó Gabriele D'Annunzio)[1], prionsa Mhontenevoso. Do rugadh é i bPescara na hIodáile ar an 12ú lá de Mhárta sa bhliain 1863 agus do fuair sé bás i nGardone Riviera na hIodáile ar an gcéad lá de Mhárta sa bhliain 1938.
Ina shaol pearsanta, do tharraing d'Annunzio clú air féin de bharr a chuid éachtaí le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Cé gur thaobhaigh d'Annunzio leis an bhFaisisteachas ar dtús, do dhealaigh sé leis ina dhiaidh sin.
Ba é d'Annunzio an scríbhneoir Iodálach is tábhachtaí a raibh baint aige leis an ngluaiseacht liteartha ar a dtugtar An Meathachas. Sa lá atá inniubh ann, is iad Il piacere (1889) [Gaeilge: 'An Sámhas'] agus Le vergini delle rocce (1895) [Gaeilge: 'Ógha na gCarraigeacha'], dá cheann desna seacht n-úrscéal a scríobh sé, na saothair is cáiliúla dá chuid.