An Iodáilis
teanga Rómhánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Iodáilis nó an Eadáinis, mar a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi de réir a chanúna (Iodáilis: italiano nó lingua italiana) teanga náisiúnta na hIodáile. Labhraítear freisin í i gCathair na Vatacáine, san Airgintín, san Eilvéis, in Uragua, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Réata-Rómáinis. Teanga bhundúchasach is ea an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an lunfardo, lán focail iasachta ón Iodáilis.[1]
italiano agus Italiano | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 64,800,000 (2019) |
Dúchasach do | Graubünden, cantún Ticino, Contae Istria, an Iodáil, Izola, Piran agus San Mairíne |
Stáit | an Iodáil, San Mairíne, an Eilvéis, Cathair na Vatacáine, an Chróit agus an tSlóivéin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha Italo-Romance (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na hIodáilise agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Accademia della Crusca |
Staidéar ag | Italian studies (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | it |
ISO 639-2 | ita |
ISO 639-3 | ita |
Glottolog | ital1282 |
Linguasphere | 51-AAA-q |
Ethnologue | ita |
ASCL | 2401 |
IETF | it |
Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná lingua toscana in bocca romana, teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.